Fógra: Sraith faisnéise TG4 ‘Aerfort Dhún na nGall’ le craoladh ar an 30 Samhain ar aghaidh

Ba mhaith leis an mbainistíocht agus an fhoireann anseo ag Aerfort Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an tsraith clár faisnéise úr TG4 á eisiúint gan mhoill darbh ainm “Aerfort Dhún na nGall“.
Is sraith í seo ina gcuirtear scéal Aerfort Dhún na nGall in iúl. Tar linn chun blás a fháil ar na rudaí uathúil a mbíonn idir láimhe ag an fhoireann anseo san aerfort go laethúil chun an t-aerfort beag réigiúnach a reáchtáil agus sábháilteacht a chinntiú.

Insítear scéalta pearsanta ár bpaisinéirí a úsáideann an tseirbhís riachtanach seo ó chomaitéirí laethúla, mic léinn, úinéirí gnó, paisinéirí ag taisteal thar lear agus othair ag baint leas as an tseirbhís chun cóir leighis riachtanach a fháil.

Taifeadta thar ocht mí dhéag, ó 2021 go 2022 feictear an obair a dtéann ar aghaidh sa chúlra, na dúshláin laethúla atá romhainn agus muid ag iarraidh dul i ngleic leis na brúnna a bhaineann le haerfort beag tuaithe a bhainistiú, dul i ngleic leis na bearta sláinte agus sábháilteachta déine a thug an coróinvíreas ag an am sin, agus muid ag freastal ar dhaoine cáiliúla rúnda.

Seo scéal Aerfort Dhún na nGall, a vótáladh mar an t-aerfort is deise ar an domhan le heitilt isteach ann, agus áit an bhfuil tú cinnte chun fáilte mhór chroíúil a fháil, na radhairc is áille a fheiceáil agus tú san aer agus píosa craic ó Thír Chonaill a bheith agat!

Sin ráite, sábháil an dáta!

Craolfar ‘Aerfort Dhún na nGall’ ar an Déardaoin 30ú Samhain ag 8pm le heipeasóid úr gach Déardaoin ó shin ar aghaidh ar TG4.