Preas Ráitis

Preas Ráitis

Fáiltíonn Cathaoirleach, Bord Stiúrthóirí agus Bainistíocht Aerfoirt Dhún na nGall roimh fhógra an Aire Iompair, Darragh O’Brien, gur ceadaíodh €367,000 d’infheistíocht i dtionscadail chaipitil ag an aerfort.

Tá an maoiniú sin á chur ar fail mar chuid de Chláir Aerfoirt Réigiúnacha an Rialtais 2026-2030 agus tacóidh sé le hinfheistíocht i dtionscadail a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil ag an aerfort. Ina theannta sin, cuideoidh an infheistíocht leis an aerfort spriocanna laghdaithe carbóin a bhaint amach san am atá le teacht.

Chomh maith leis sin, tá lúcháir orainn go bhfuil an tseirbhís iarnóin ar ais ar bhealach Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, ag tosú tráthnóna amárach an 1 Bealtaine. Tugann an t-athbhunú seo solúbthacht ríthábhachtach dár bpaisinéirí, rud a chinntíonn go bhfuil Dún na nGall nasctha I dtaca le cuspóirí taistil gnó agus fóillíochta araon.