Sraith ar TG4 faoi aerfort Dhún na nGall

donegalairport
Pic: Trisha Gillespie, Pádraig Ó Cearbhaill, Gavin Dunleavy, Dennis Forker, Cathal Mac Giolla Easbuic, Máire Ní Dhónaill

Donegal Airport is to feature in an intimate and revealing new four-part documentary series on TG4

Déardaoin 30 Samhain 8pm ar TG4 30th November

Sraith í seo faoi ‘Aerfort Dhún na nGall’, an t-aerfort a vótáladh mar an bealach isteach aerfoirt is áille radhairc ar domhan. Cuireann an t-aerfort seirbhís ríthábhachtach ar fáil do chomaitéirí laethúla, úinéirí gnó, mic léinn, Rescue 118, daoine a bhíonn ag taisteal thar lear agus othair atá ag fáil cóir leighis riachtanach, ag ceangal lucht a úsáide leis an saol mór. Tabharfaidh an tsraith faisnéise 4 chlár seo, atá pearsanta agus macánta, léargas ar leith don lucht féachana ar mar a reáchtáiltear an t-aerfort beag réigiúnach seo trí scéalta pearsanta na bpaisinéirí a eitlíonn isteach agus amach agus scéalta fhoireann an aerfoirt atá freagrach as a sábháilteacht agus as an aerfort ríthábhachtach seo a choinneáil ag imeacht.

18 mí a bhíothas i mbun na scannánaíochta, ón mbliain 2021 go dtí 2022, agus beidh míreanna eisiacha againn ina dtaispeánfar an méid a bhíonn ag tarlú sa chúlra. Taispeánfar na dúshláin laethúla a bhíonn le sárú ag foireann an aerfoirt agus iad ag iarraidh an cheann is fearr a fháil ar an mbrú a bhaineann le haerfort réigiúnach a bhainistiú, iad ag sárú na mbeart dian sláinte agus sábháilteachta de dheasca Covid agus iad ag freastal ar dhaoine mór le rá a leaindeálann ag an aerfort faoi rún.

Tá an t-aerfort ríthábhachtach do Dhún na nGall mar go gceanglaíonn sé an lucht úsáide leis an saol mór. Casfaimid le foireann dhíograiseach chabhrach Aerfort Dhún na nGall a choinníonn an t-aerfort ag imeacht 7 lá na seachtaine agus atá ar fáil 24/7 do mhisin tarrthála, mhara agus aeir 118.

Tá patrún sealoibre ar bun ag pearsanra an aerfoirt chun freastal ar eitiltí moch ar maidin agus mall san oíche, agus in ainneoin go mbíonn uaireanta fada le déanamh acu, is féidir leat a bheith cinnte de go gcuirfidh muintir Dhún na nGall fáilte mhór chroíúil spraíúil romhat i gcónaí.

Beidh muid i dteannta paisinéirí éagsúla ón áit atá ag fágáil an chontae chomh maith le pearsantachtaí ó ar fud an domhain atá ag eitilt isteach chuig an Aerfort. Tá an tiománaí tacsaí áitiúil Charlie Mac ar fáil chun iad a thabhairt chuig a gceann scríbe deireanach.
Cuireann an t-aerfort seirbhís níos dáiríre ar fáil freisin chun tacaíocht a thabhairt d’othair agus do leanaí atá tinn trí eitiltí a chur ar fáil dóibh chun cóir leighis a fháil i mBaile Átha Cliath. Casfaimid le Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig, a bhíonn ag comhordú na seirbhíse agus casfar othar orainn a bhaineann leas as an tseirbhís.

Inseoidh na daoine suimiúla a bhíonn ag eitilt isteach agus amach as an aerfort agus foireann an aerfoirt atá freagrach as iad a thabhairt ó A go B, scéal Aerfort Dhún na nGall dúinn.

Sa chéad chlár d’Aerfort Dhún na nGall, inseoidh an ceoltóir mór le rá Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan dúinn faoin gcaoi a d’athraigh an t-aerfort a saol agus faoi mar a chuir sé ar a cumas dul ar camchuairt thar lear ó Dhún na nGall. Inseoidh an tiománaí tacsaí áitiúil Charlie Mac scéalta dúinn faoi na daoine mór le rá a bhí ina thacsaí. Beidh an banna ceoil, an Mullachdubh, i mbun ceoil ag paráid bhliantúil Lá Fhéile Pádraig agus beidh daoine an-chorraithe agus iad fillte abhaile ag a dteaghlaigh tar éis na paindéime.

Sa dara clár, tá Covid 19 ag déanamh cúrsaí níos casta san aerfort, taistealaíonn paisinéir chuig Baile Átha Cliath le haghaidh cóir leighis, feiceann muid rás carthanachta 5km ar siúl ar stráice tuirlingthe an aerfoirt, pacálann intéirneach an aerfoirt, Cathal Mac Giolla Easbuic a chuid málaí le haghaidh tréimhse oiliúna 6 mhí a bheidh ar bun aige sa Spáinn agus tá an mac léinn Leah Ní Ghairbhigh ag ullmhú chun filleadh ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tar éis bhriseadh an tsamhraidh.

Sa tríú clár, tá Cathal Mac Giolla Easbuic leath bealaigh trína oiliúint rialtóra aerthráchta sa Spáinn, eitlíonn an t-eisimirceach Grace Rodgers isteach ó Washington DC ar eitleán príobháideach le filleadh abhaile go Toraigh, eitlíonn Julio Diana chuig Sligeach le haghaidh lóin agus beidh muid i dteannta an lucht leanúna ceoil ag Féile Sult i nGaoth Dobhair.

Sa cheathrú clár, tagann héileacaptar Rescue 118 chuig an aerfort chun oiliúint riachtanach a chur ar fhoireann an aerfoirt fad agus atá an t-aerfort ag freastal ar lear mór paisinéirí; lena n-áirítear Tom Marry atá ag tabhairt faoina ngnáth-thuras go Londain, an dlíodóir Simon Gillespie atá ag dul chuig an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath agus tá láithreoir RTÉ Michelle Nic Grianna ar a bealach chuig gig i mBaile Átha Cliath.

Maoinithe ag TG4 agus Coimisiún na Meán. Pictiúir ar fáil anseo https://we.tl/t-e7HORR0z3W

Teagmháil do na Meáin i TG4: Linda Ní Ghríofa linda.ni.ghriofa@tg4.ie