New PSO Contract with Emerald Airlines announced

The Board of Directors and Management of Donegal Airport welcome the announcement by the Minister of Transport, Mr. Eamon Ryan T.D. that Emerald Airlines are to be awarded the contract to operate the PSO route between Dublin and Donegal from 26th February 2022.  This PSO contract provides an essential air link between the North West and Dublin in the absence of a motorway or rail network in the region.

The award of the contract to Emerald Airlines will see a continuation of the twice daily flights currently being operated by Amapola Flyg AB, who have provided a very reliable service under an interim contract since July 2021. 

The ATR72-600 series aircraft, operated by Emerald Airlines, will also provide additional seat capacity on the route which will help the Airport regain passenger numbers post Covid-19 and contribute to our working closely with business and tourism development agencies to further promote the region as an attractive destination.

We sincerely thank Amapola Flyg AB for their service under the interim contract and look forward to working with Ireland’s newest regional airline over the coming weeks to prepare for the start of operations on 26th February 2022.

Ba mhaith le Bord agus Bainistíocht Aerfort Dhún na nGall fáilte a chur roimh fhógra an Aire Iompair, Eamon Ryan Uas. T.D. go bhfuil an conradh nua PSO á bhronnadh ar chomhlacht Emerald Airlines le tosú 26ú Feabhra, 2022 le leanúint ar feadh tréimhse ceithre bliana.

Tá an ceangal aeir idir Baile Átha Cliath agus réigiún an Iarthuaiscirt fíor thábhachtach d’fhorbairt eacnamaíochta agus turasóireachta an réigiúin
go háirithe i bhfianaise go bhfuil an t-infreastruchtúr bóthair agus iarnróid easnamhach i gcomparáid le ceantair eile ar fud na tíre.

Leanfar leis an tseirbhís dhá uair sa lá faoin chonradh úr seo le Emerald Airlines atá a chur ar fáil faoi láthair ag Amapola Flyg AB a chuir seirbhís mhaith eatramhach ar fáil dúinn ó mhí Iúil seo caite agus a bheas linn go dtí Feabhra na bliana seo chugainn

Beidh eitleáin nua-aimseartha den dearadh ATR 72 – 600 in úsáid ag Emerald agus tabharfaidh seo deis don Aerfort ár líon paisinéirí a mhéadú go dtí an leibhéal a bhíodh againn roimh ráig Covid agus cur leis go bliantúil de réir a chéile. Beidh muid ag comhoibriú le lucht gnó, áisíneachtaí forbartha gnó agus turasóireachta chun na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach.

Tá muid fíorbhuíoch do Amapola Flyg AB as ucht a chuid seirbhíse faoin chonradh eatramhach agus ag tnúth go mór le comhoibriú leis an aerlíne nua chun dlús a chur le forbairt gnó agus turasóireachta an réigiúin agus seirbhís fíor riachtanach a sholáthar do phobal Dhún na nGall agus an réigiúin máguaird.

Steve Ó Cúláin (Cathaoirleach)

Eilís Ní Dhochartaigh

(Príomhfheidhmeannach)