Tá sceideal samhraidh agus geimhridh fógartha ag Loganair do 2024!

ATR-42-loganair-Runway

Tá sceideal an tsamhraidh do 2024 fógartha ag Loganair! Beidh an tseirbhís ó Dhún na nGall go Glaschú ar fáil ón 19 Bealtaine, Dé Céadaoin, Dé hAoine, Dé Sathairn, agus Dé Domhnaigh, (Dé Sathairn 6 Iúil agus 17 Lúnasa). Tá níos mó solúbthachta agus é níos furasta ag daoine ag pleanáil a dturais chuig agus ó Dhún na nGall, tá sé seo mar thoradh ar líon méadaithe na n-eitiltí a chuireann Loganair ar fáil. Leanfaidh sé seo ar aghaidh tríd an gheimhreadh, le eitiltí gach Aoine agus Domhnach. Cumasóidh sé seo turais deireadh seachtaine agus cuirfidh sé naisc ríthábhachtacha ar fáil i rith na bliana. Is féidir eitiltí idir Dún na nGall agus Glaschú a chur in áirithe inniu ag www.loganair.co.uk