Ráiteas PSO Dhún na nGall ⇄ Bhaile Átha Cliath

Ráiteas Aerfort Dhún na nGall – 10 Feabhra 2026

Is mian le Cathaoirleach, Bord Stiúrthóirí agus Bainistíocht Aerfort Dhún na nGall a dheimhniú gur cuireadh in iúl dúinn tráthnóna inniu, Dé Máirt 10 Feabhra, go bhfuil sé ar intinn ag an Roinn Iompair conradh nua a chur i gcrích do bhealach PSO Dhún na nGall-Baile Átha Cliath le Emerald Airlines.

Tá an conradh seo á chur i gcrích inniu, in ainneoin gur iarr muid i scríbhinn ar an Aire Iompair gan an conradh a fheidhmiú go dtí go mbeidh comhairle dlí tugtha i gcrích ag Aerfort Dhún na nGall maidir leis an ábhar. Tá an chomhairle sin á lorg ar an mbonn go dtugann an conradh atá beartaithe athruithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo isteach i dtéarmaí ábhartha an PSO. Tá an-díomá go deo orainn nár aontaigh an Roinn Iompair lenár n-agairt.

Tá iarracht déanta againn teagmháil a dhéanamh le hoifigigh na Roinne Iompair le linn an phróisis tairisceana ach tá sé curtha in iúl go seasta acu ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 nach raibh siad in ann an tairiscint a phlé linn go dtí gur síníodh an conradh. Bhí oifigigh na Roinne ar an eolas ó fuarthas an tairiscint i mí Dheireadh Fómhair 2025 go raibh athruithe ábhartha beartaithe ar an chonradh atá ann cheana. Is iad na hathruithe sonracha sin:

· Ní mbeadh an t-eitleán lonnaithe thar oíche in Aerfort Dhún na nGall a thuilleadh, rud a bhí amhlaidh don 21 bhliain roimhe sin agus a thug muinín d’úsáideoirí ó thaobh chinnteacht imeachta in am ar eitilt na maidine. Cuireadh an tábhacht a bhaineann leis sin san áireamh in aighneachtaí i scríbhinn sular eisigh an Roinn cuireadh chun tairisceana agus athdhearbhaíodh arís í ó bhéal i gcruinnithe le hoifigigh na Roinne go luath in 2025 agus i lár 2025.

· Ní bheidh na heitiltí meán lae ar fáil a thuilleadh, agus ina ionad sin bheadh eitilt 6.30 a.m. ag teacht ó Bhaile Átha Cliath agus eitilt 8.30 p.m. ag fágáil Dhún na nGall. Tá cailleadh na heitilte meán lae dochreidte siocair a tábhacht don earnáil ghnó, earnáil na sláinte agus earnáil na turasóireachta isteach agus amach as Dún na nGall, seirbhís a raibh ag éirí go han-mhaith léi ó cheann ceann na bliana. Ní chomhlíonann na heitiltí úra isteach ar maidin agus amach tráthnóna riachtanais ár gcuid custaiméirí, dar leis an Bhord, ná ní dhéanann siad aon chiall ar bhunús tráchtála. Tá an Bord den tuairim gur beag úsáid a bhainfear as na heitiltí beartaithe seo, in ainneoin an airgid shuntasaigh a bheith á chur ar fáil don aerlíne chun iad seo a reáchtáil.

Ar an 13 Eanáir 2026, fuair bainistíocht an aerfoirt faisnéis, go fánach, trí chomhrá le duine de chriú na haerlíne ag plé athruithe ar a n-uainchláir, nach mbeadh an t-eitleán lonnaithe i nDún na nGall thar oíche a thuilleadh mar chuid den chonradh nua. Ba é seo an chéad léiriú a tugadh don Aerfort ar athrú ábhartha ar an sceideal a bhí ann cheana. Ós rud é nach raibh aon bhealach ag an bhainistíocht é seo a phlé le hoifigigh na Roinne toisc gur dhiúltaigh siad teagmháil a dhéanamh linn, d’oibrigh muid go comhsheasmhach ó lá go lá, ón dáta sin i leith, trí naisc pholaitiúla leis an Aire Iompair, mar ba é seo an t-aon bhealach a bhí ar fáil dúinn chun aird a tharraingt ar ár n-imní.

Bhí cuid mhór cruinnithe agus coinní againn trí na bealaí seo sa tréimhse idir an dá linn go dtí maidin inniu. Ba mhaith linn aitheantas agus buíochas a ghabháil le Pat the Cope Ó Gallachóir, T.D. as cuidiú lenár n-iarrachtaí ina leith sin. Phléigh ár gCathaoirleach go mion na hábhair imní a bhí ag an Aerfort leis an Aire Iompair agus le hArd-Rúnaí na Roinne an 4 Feabhra 2026. Ba é ár bpríomhargóint sheasmhach le linn an phróisis seo ná nár chuir an Roinn riachtanais ár gcustaiméara san áireamh go leordhóthanach agus go ndearna an Roinn neamhaird nó míléiriú roghnaitheach ar na haighneachtaí a rinne an tAerfort, roimh an phróiseas tairisceana, ina measúnú ar an tairiscint a fuarthas.

Creidimid nach gcomhlíonann an conradh atá á fhorghníomhú inniu spiorad nó rún conartha PSO. Ní chomhlíonann sé riachtanais na bpaisinéirí a úsáideann an tseirbhís, ná ní chuireann sé le nascacht leis an réigiún. Os a choinne sin, dealraíonn sé go bhfuil sé fabhrach do riachtanais na haerlíne, chun ioncam agus brabúsacht a uasmhéadú, ar chostas sheirbhís na gcustaiméirí agus ar chostas an cháiníocóra.

Tá comhairle dlí á glacadh ag Bord an Aerfoirt faoi láthair, agus tá súil againn ár bpléití a thabhairt chun críche sna laethanta amach romhainn. Is é cuspóir an Bhoird aerfort agus eitiltí a reáchtáil a fhreastalaíonn ar riachtanais chustaiméirí an aerfoirt i nDún na nGall agus níos faide i gcéin agus téann sé seo go croí ár gcuid oibre agus go croí an dóigh a dtéimid i ngleic leis an staid ina bhfuil an Roinn ag cur brú orainn anois.

Is mór againn foighne ár gcustaiméirí agus an tacaíocht phobail a fuair muid le tréimhse anuas chun tacú lenár n-iarrachtaí brú a chur ar an Roinn Iompair freastal ar riachtanais mhuintir Dhún na nGall. Ba mhaith linn fosta aitheantas a thabhairt don tacaíocht láidir pholaitiúil a bhí soiléir mar a d’oibrigh muid air seo.

A luaithe a chríochnóidh muid an t-athbhreithniú ar chomhairle dlí ina leith seo, déanfaidh an Bord cinneadh measta ar cad é, ar an iomlán, an cur chuige is fearr ina leith seo amach anseo agus cuirfidh sé an seasamh sin in iúl dár gcustaiméirí agus don Roinn Iompair.

Garry Martin

Cathaoirleach, Aerfort Dhún na nGall

10 Feabhra 2026