Tuirlingtí gur bhfiú feiceáil: ainmníonn taistealaithe na 10 n-aerfort is fearr leo ó thaobh áilleachta de

I vótaíocht de chuid PrivateFly 2018, tá Dún na nGall ar an rúidbhealach is áille ar an domhan

Ba é an cósta a fheictear ar an bhealach isteach an suíomh don scannán Star Wars ar na mallaibh.

Tá vóta tugtha ag lucht taistil domhanda d’Aerfort Dhún na nGall mar an áit tuirlingthe is áille ar domhan.

D’iarr PrivateFly, an t-ardán áirithinte do scairdeitleáin príobháideacha, ar an phobal idirnáisiúnta taistealaithe a dtuirlingt is fearr a ainmniú. Chuaigh an líon is mó vótaí chuig rúidbhealach Aerfort Dhún na nGall, ar chósta thiar thuaidh an Atlantaigh.

Dúirt Adam Twidell, Príomhfheidhmeannach PrivateFly agus bhfuil taithí phíolóta aige: “Is liosta bliantúil é an 10 is fearr do lucht taistil, meascán iontach de thuirlingtí domhanda is fiú a fheiceáil i do shaol. Ó rúidbhealaí bídeacha cosúil le buaiteoir na bliana seo caite Saba (an rúidbhealach tráchtála is giorra ar domhan) agus Barra Inse Ghall na hAlban; go dtí na mórdhreacha cathrach atá ag London City nó Miami International.

“Tá Dún na nGall thar a bheith álainn agus tá sé tuillte acu a bheith ar bharr an liosta i mbliana. Bhí cósta garbh Dhún na nGall ina shuíomh don scannán Star Wars ar na mallaibh, agus níl sé deacair a fheiceáil cén fáth.. Cé acu an bhfuil tú sa Millennium Falcon; ar aerlínéar tráchtála; nó ar scairdeitleáin phríobháideach, mothaíonn tú ag teacht isteach i dtír anseo gur eispéireas neamhshaolta eile é.”

Dúirt vótálaí amháin agus iad ag tacú le Dún na nGall: “Eitilt isteach go híseal…agus scuabann tú amach thar farraige smaragaid ghlas le cúr bán Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gcónaí ann, ag greadadh in éadán na n-oileán bheaga creagach.”Mhol duine eile “na radharcanna iontacha ar chósta an Atlantaigh, an Earagail álainn agus an trá is áille ar domhan.”

Chuaigh PrivateFly i gcomhar le painéal saineolaithe taistil chun an gearrliosta don vóta poiblí a chruthú, lena n-áirítear na scríbhneoirí eitlíochta Rohit Jaggi agus Miquel Ros; agus na saineolaithe taistil Henry Conway agus Bonnie Rakhit.

Deir Anne Bonner, Bainisteoir-Stiurtha Aerfort Dhún na nGall: “Tar éis dúinn a bheith vótáilte sa deichniúr is fearr le dhá bhliain anuas, tá lúcháir orainn gur vótáladh an t-aerfort mar Uimh. 1 le haghaidh tuirlingthe aerfoirt sa bhliain 2018. Is mór an moladh é go deimhin uathu siúd a bhíonn ag taisteal chomh maith le saineolaithe eitlíochta agus taistil, go bhfuil Dún na nGall curtha go daingean ar an léarscáil mar áit nach mór cuairt a thabhairt air. Sa bhliain 2017 roghnaigh National Geographic Dún na nGall ‘mar an áit is cúláilte ar an phláinéid’ agus cén bealach is fearr le Dún na nGall a fheiceáil ná eitilt isteach san aerfort is áille ar domhan”


April, 17th, 2018

Seo a leanas na deich gcinn is fearr don bhliain 2018:

  1. Dún na nGall (Éire)
  2. Barra (Albain)
  3. Nice (An Fhrainc)
  4. Queenstown (An Nua-Shéalainn)
  5. Saba (Ollainnis Cairibeach)
  6. Orlando Melbourne (SAM)
  7. Toronto Billy Bishop (Ceanada)
  8. Cathair Londain (Sasana, An Ríocht Aontaithe)
  9. Naomh Maarten (Fraincis/Ollaninnis Cairibeach)
  10. Miami (SAM)

Nóta d’Eagarthóirí

Chun mionsonraí iomlána na dtorthaí a fheiceáil, féach: https://www.privatefly.com/airport-poll/privatefly-airport-poll-results-2018.html

Tá íomhánna agus físeáin ar fáil anseo trí Dropbox nó iad a iarraidh.

*Rinneadh pobalbhreith PrivateFly Scenic Airports 2018 i mí Feabhra 2018 agus fuarthas breis agus 8,500 vóta. Fuair 112 aerfort éagsúil san iomlán ainmniúcháin.

Maidir le PrivateFly:

Is ardán áirithinte domhanda é PrivateFly do scairdeitleáin phríobháideacha, rud a fhágann go bhfuil sé níos tapúla, níos éasca agus níos costéifeachtaí scairdeanna príobháideacha a chur i gcomparáid agus a chur in áirithe. Le breis agus 7000 aerárthach comhtháite ar fud an domhain, comhcheanglaíonn PrivateFly teicneolaíocht nuálach lena fhoireann saineolaithe eitlíochta, atá ar fáil 24/7.

Tá stádas Bróicéir Deimhnithe Argus agus Bróicéir Wyvern araon, creidiúnaithe dea-chleachtais tionscail, ag PrivateFly. Tá fás tapa na cuideachta aitheanta ag roinnt clár dámhachtana lena n-áirítear an FT1000, The Sunday Times Tech Track 100 agus SME Export Track 100.

Le haghaidh tuilleadh eolais, íomhánna nó agallamh déan teagmháil le do thoil le: 

Viv Diprose, PrivateFly

T: +44 (0)7931 624864

E: viv@privatefly.com 

Katrina Suppiah, Publicité Ltd

T: +44 (0)20 8543 6582

E: k.suppiah@publicite.co.uk