Fógraíonn Loganair seirbhís ó Ghlaschú go Dún na nGall

Tá Loganair, an aerlíne réigiúnach is mó sa Ríocht Aontaithe, ag tabhairt ar ais seirbhísí idir Dún na nGall agus Glaschú le clár ama samhraidh úr.

Cuirfidh na heitiltí a théann dhá uair sa tseachtain, ar an Satharn agus ar an Domhnach, ón 1 Iúil go dtí an 24 Meán Fómhair, le nascacht idir an Ríocht Aontaithe agus Éire agus soláthróidh siad an t-aon nasc aeir díreach idir an Ríocht Aontaithe agus Dún na nGall.  

Is léiriú é an nuacht ar an gcaidreamh atá ann le fada an lá idir Loganair agus Aerfort Dhún na nGall, agus an aerlíne ag eitilt idir Glaschú agus Dún na nGall chomh fada siar le tús na 1990idí.

Is é an ATR42, aerárthach nua agus níos éifeachtaí de chuid na haerlíne a úsáidtear ar an bhealach. Seo an chéad uair a bheidh aerárthach den chineál seo ar bhealach Dhún na nGall .

ATR-42 de chuid Loganair

Dúirt Luke Lovegrove, Príomhoifigeach Tráchtála, Loganair: “Tá lúcháir orainn a bheith in ann an nascacht thábhachtach seo idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a thabhairt ar ais, ag cuidiú le teaghlaigh fanacht ceangailte agus ag tabhairt an deis dóibh sosanna fóillíochta a bheith acu fosta.

“Táimid ag súil go mbeidh an-tóir ar ár n-eitiltí samhraidh; mar sin, molaimid do chustaiméirí áirithint a dhéanamh chomh luath agus is féidir chun na táillí is fearr a fháil.”

Dúirt Eilis Docherty, Bainisteoir Stiúrtha, Aerfort Dhún na nGall: “Cuireann Aerfort Dhún na nGall fáilte mhór roimh an bhfógra go bhfuiltear ag tosú ar eitiltí Dhún na nGall-Glaschú do Shamhradh 2023 agus oibreoimid go dlúth le Loganair chun a chinntiú go n-éireoidh leis an tseirbhís.”

Dúirt Cormac O’Suilleabhain, Bainisteoir Comhpháirtíochta Branda le Tourism Ireland: “Tá Tourism Ireland iontach sásta leis an fógra go bhfuil Loganair ar ais ar an bhealach ó Ghlaschú go Dún na nGall.

“Aithnímid an ríthábhachtach a bhaineann le nascacht dhíreach agus an príomhról a chuireann an nasc aeir seo le Dún na nGall ar fail do lucht saoire as Albain. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chuairteoirí ó Ghlaschú agus ar fud na hAlban go hÉirinn agus oibriú le Loganair chun an bealach a chur chun cinn agus a líonra a leathnú tuilleadh.”

Chomh maith leis sin cuirfidh an bealach úr naisc ar aghaidh ar fail ag aerfort Ghlaschú chuig pointí eile laistigh de ghréasán leathan bealaí Loganair atá ar fud na Ríochta Aontaithe. 

Tosaíonn na táillí ag £74.99 bealach amháin agus is féidir iad a chur in áirithe inniu ag loganair.co.uk agus trí na príomhghníomhairí taistil.

Áirítear ar na táillí go léir liúntas bagáiste 15kg, lascainí do leanaí 11 bliana d’aois agus níos óige agus muirear éigeantach fritháirimh carbóin mar chuid de chlár inbhuanaitheachta GreenSkies nuálach na haerlíne. 

Is féidir le taistealaithe rialta leas a bhaint as clár dílseachta na haerlíne – Clan Loganair.