Tá Dún na nGall roghnaithe ar cheann de na 10 aerfort is áille ar an domhan 2016


Tá Dún na nGall ar cheann de na haerfoirt is áille ar andomhan, ó thaobh na tuirlingthe de, de réir pobalbhreith bliantúil, an cúigiú ceann a rinne PrivateFly

Ba é Aerfort Idirnáisiúnta Mhálta an t-aerfort is airde i mbliana, agus tá Aerfort Bhaile na Banríona, Nua-Shéalainn, Aerfort Nice Cote d’Azur sa Fhrainc agus Aerfort Idirnáisiúnta Chathair na nAingeal i measc na 10 gcinn is fearr.

20ú Aibreán, 2016

Vótáladh Aerfort Dhún na nGall ar cheann de na tuirlingtí aerfoirt is áille ar domhan i bpobalbhreith de thaistealaithe domhanda agus saineolaithe tionscail taistil, arna stiúradh ag PrivateFly*. D’iarr an tseirbhís áirithinte scairdeitleán ar phainéal saineolaithe taistil idirnáisiúnta agus lucht spéise taistil na tuirlingtí aerfoirt is áille a ainmniú ina suirbhé bliantúil. As an 10 tháinig Dún na nGall isteach ag uimhir 7. Fuair Aerfort Idirnáisiúnta Mhálta an líon is airde vótaí san iomlán.

Chuir vótálaí amháin síos ar thuirlingt ar Aerfort Dhún na nGall mar seo a leanas: “Bhainfeadh an anáil díot ag eitilt thar chósta creagach Dhún na nGall . Tá sé draíochtach.. Iompraíonn an tírdhreach garbh duine go dtí am fadó a bhfuil dearmad déanta air.”

Dúirt duine eile: “Sroicheann tú Oileán Iathghlas Éireann in aice le ceann de na tránna is áille ar an domhan; An Charraig Fhinne leis an Earagail mhaorga ar thaobh amháin agus oileáin chreagach ar an taobh eile. Tá dath na bhfarraige ar an turcaidghorm is gile atá ar an bhfarraige, is buntáiste sa bhreis é sin !”

I measc na mbuaiteoirí roimhe seo tá Baile na Banríona (2015); Nice Cote D’Azur (2014); St Maarten Sa Chairib (2013) agus Oileán Bharraigh de chuid Na hOileáin Siar, Albain (2012).

Dúirt Adam Twidell, Príomhfheidhmeannach PrivateFly agus píolótach a bhfuil taithí aige: “Tá vótaíocht PrivateFly tagtha chun bheith ina sheicliosta bliantúil dóibh siúd a d’éirigh go maith leo, agus bhí vótáil na bliana seo ar an gceann is iomaíche fo foill. Fuair Málta an líon is airde vótaí san iomlán an uair seo, ach is iarrthóir úr fiúntach é Dún na nGall ar an liosta, le tuirlingt a thugann radharc do-dhearmadta do thaistealaithe ar áilleacht nádúrtha den scoth na hÉireann.”

“Tá rud an-speisialta ar fáil do thaistealaithe i ngach aerfort sna 10 gcinn is fearr i mbliana. Tá an cathairdhreach íocónach againn ag Aerfort Chathair Londain; radharcra iontach sléibhe Bhaile na Banríona; an aerstráice beag bídeach iargúlta Saba sa Mhuir Chairib (an rúidbhealach tráchtála is giorra ar an domhan); agus an trá uathúil ag Eilean Bharraigh sna hOileáin Siar, Albain.”

Seo a leanas na 10 gcinn ar bharr:

  1. Aerfort Idirnáisiúnta Mhálta, Málta
  2. Aerfort Nice Cote D’Azur, An Fhrainc
  3. Aerfort Bhaile na Banríona, An Nua-Shéalainn
  4. Aerfort Bharraigh, Albain, an Ríocht Aontaithe
  5. Aerfort Saba (Juancho E Yrausquin), an Chairib
  6. Aerfort Billy Bishop, Toronto
  7. Aerfort Dhún na nGall, Éire
  8. Aerfort Naomh Maarten (Aerfort Idirnáisiúnta Banphrionsa Juliana), An Chairib
  9. Aerfort Idirnáisiúnta Chathair na nAingeal, SAM
  10. Aerfort Chathair Londain, An Ríocht Aontaithe

-Deireadh-

Nótaí d’eagarthóirí :

Le haghaidh íomhánna agus grafaic eolais de na deich tuirlingthe is fearr féach http://www.privatefly.com/airport-poll/PrivateflyAirportpollResults2016.html

Tá tuilleadh íomhánna, nó faisnéis faoi na haerfoirt, an vótaíocht agus an painéal moltóirí ar fáil ach iad a iarraidh.

*Reáchtáladh vótaíocht PrivateFly Best Airport Cur chuige 2016 i mí Feabhra agus mí an Mhárta sa bhliain 2016 agus fuarthas breis agus 7,500 vóta aonair. Fuair 115 aerfort domhanda éagsúla ainmniúcháin.

Maidir le PrivateFly:

Is é PrivateFly an príomh-ardán áirithinte domhanda le haghaidh cairdeitleán phríobháideach cairtfhostaithe, rud a fhágann go bhfuil sé níos tapúla, níos éasca agus níos cost-éifeachtaí scairdeanna príobháideacha a chur i gcomparáid agus a chur in áirithe. Le breis agus 7000 aerárthach comhtháite ar fud an domhain, comhcheanglaíonn PrivateFly teicneolaíocht nuálach le foireann oibríochtaí ilteangach VIP, atá ar fáil 24/7.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le:

Viv Diprose, PrivateFly

T: +44 (0)7931 624864

E: viv@privatefly.com

Katrina Suppiah, Publicité Ltd

T: +44 (0)20 8543 6582

E: k.suppiah@publicite.co.uk