Aerfort Dhún na nGall: An chéad Aerfort in Éirinn a chuir córas scagthástála ECAC EDS CB C3 isteach

AG TREORÚ AR AN BHEALACH CHUN ECAC EDS CB C3

Tá clú agus cáil ar Dhún na nGall le fada mar gheall ar an chósta iontach agus aerfort a bhfuil an ‘An bealach isteach is áille ar domhan’ ann – anois tá cáil ar an aerfort mar gheall ar an gcéad chóras scagthástála seicphointí ceadaithe ECAC EDS CB C3 a úsáid in Éirinn. Sholáthair Smiths Detection an trealamh, thug sé tacaíocht agus comhairle don aerfort le linn an phróisis deartha agus suiteála agus leanann sé ag cur seirbhís chothabhála ar fáil.

SEICPHOINTE PAISINÉIRÍ A BHARRFHEABHSÚ

“Le lána seicphointe lárnach amháin, ba é an dúshlán ná na leibhéil is airde slándála, tréchur agus éifeachtúlacht oibriúcháin a bhaint amach agus an úsáid is fearr a bhaint as an spás a bhí ar fáil,” a mhínigh Trisha Gillespie, Bainisteoir Slándála, Aerfort Dhún na nGall. “Léirigh ár dtaighde go gcuirfeadh an teicneolaíocht CT formheasta ag ECAC EDS CB C3 na tairbhí is suntasaí ar fáil;; agus roghnaigh muid an Smiths Detection HI-SCAN 6040 CTiXscanner mar gheall ar dhea-chaighdeán íomhá, a ghnéithe agus a fheidhmeanna níos fearr.”

Is aerfort réigiúnach é aerfort Dhún na nGall agus bealach isteach chuig Iarthuaisceart na hÉireann. Téann eitiltí sceidealta go Baile Átha Cliath agus Glaschú le nascacht ar aghaidh ar fud an domhain. Roimh COVID, bhí líon na bpaisinéirí bliantúil thart ar 50,000 agus ag ardú go seasta agus, ag an am céanna, bhí treocht chinnte i dtreo níos mó bagáiste cábáin agus níos lú bagáiste seiceáilte . Mar thoradh air sin bhí seicphointe scagthástála paisinéirí i bhfad níos gnóthaí .
Roimhe seo, d’éiligh an gnáth-threalamh X-ghathach aon leachtanna agus gléasanna leictreonacha móra a bhaint as an bhagáiste, rud a d’fhág go raibh an próiseas iomlán i bhfad níos moille. Bhí brú tráchta ag baint le líon na dtraenna a bhí ag teastáil i limistéar réasúnta beag fosta agus chuir sé sin moill ar an bpróiseas.

“Roghnaigh muid an Smiths Detection HI-SCAN 6040 CTiXscanner mar gheall ar dhea-chaighdeán íomhá, a ghnéithe agus a fheidhmeanna níos fearr.”              – Trisha Gillespie, Security Manager

TÁ BUNTÁISTÍ SUNTASACHA AG BAINT LE TEICNEOLAÍOCHT CT

Chomh maith leis na caighdeáin is airde slándála a sheachadadh, comhlíonann teicneolaíocht Tomagrafaíocht Ríofa (CT) ag an seicphointe an t-éileamh atá ar tháirgiúlacht mhéadaithe agus ar chostais oibriúcháin níos ísle.. Trí dheireadh a chur leis an ngá atá le feistí leictreonacha, leachtanna agus glóthacha a bhaint as bagáiste láimhe, Laghdaítear crá croí an phaisinéaraagus feabhsaítear eispéireas an phaisinéara.

Úsáideann an HI-SCAN 6040 CTiX teicneolaíocht CT, algartaim uathbhraite pléascán agus bogearraí aitheantais réad uathoibrithe, ar féidir leo míreanna toirmiscthe mar airm a bhrath.Má bhaintear níos lú rudaí as an bhagáiste ní bheidh gá leis an oiread sin traenna rud a fhágfaidh go mbeidh an tréchur níos gasta agus a chuirfidh dlús leis an phróiseas ina iomlán. . Is é an toradh atá air ná go bhfuil an córas slándála agus éifeachtúlacht oibriúcháin feabhsuithe.

Chun an seicphointe paisinéirí is fearr a chruthú, teastaíonn ionchur agus treoir speisialtóra le linn an phróisis chasta comhairliúcháin, pleanála, deartha agus cur I bhfeidhm.. Tá an taithí, an t-eolas agus na huirlisí ag Foireann Smiths Detection Checkpoint Solutions chun an réiteach is fearr a chruthú agus a imscaradh chun freastal ar éilimh oibríochtúla, ghnó agus rialála faoi leith.

SEICPHOINTE SRUTHLÍNEACH, ÉIFEACHTÚIL

Ó cuireadh an scanóir HI-SCAN 6040 CTiX isteach taobh le lána nua leis an gcóras aischuir traenna uathoibrithe, tá an sreabhadh tríd an seicphointe i bhfad níos fearr agus laghdaíodh líon na dtraenna go suntasach. Tá an próiseas iomlán sruthlínithe anois, mar sin tá eispéireas níos taitneamhaí ann don fhoireann agus do phaisinéirí araon.
Tá aiseolas ó phaisinéirí an-dearfach agus tá an nós imeachta seicphointe nua áisiúil le húsáid ag gach duine.

“Tríd is tríd, tá seicphointe níos sruthlínithe agus níos éifeachtaí againn agus tá muid thar a bheith sásta le caighdeán an trealaimh agus na seirbhíse Braite Smiths.”                                                                                             -Trsha Gillespie, Bainisteoir Slándála

Tá an comhéadan so-úsáidte dár n-oibreoirí, agus tá caighdeán na híomhá ar fheabhas rud a thacaíonn le cinntí gasta agus cruinne,” a dúirt Trisha Gillespie, Bainisteoir Slándála, Aerfort Dhún na nGall. “Ina theannta sin, cabhraíonn braite uathoibríoch agus rátaí ísle aláraim bhréige le hidirghníomhaíocht idir paisinéirí agus oibreoirí a laghdú, rud a fhágann gur fusa an scaradh sóisialta a choinneáil.. Tríd is tríd, tá seicphointe níos sruthlínithe agus níos éifeachtaí againn agus tá muid thar a bheith sásta le caighdeán an trealaimh agus na seirbhíse Braite Smith.”