TBEX (Travel Bloggers Exchange) 2025

D’fhreastail ár gcomhghleacaí, Pauline, ar imeacht TBEX (Travel Bloggers Exchange) in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Leitir Ceanainn (OÉTA) i mbliana – cruinniú domhanda de scríbhneoirí taistil, blagálaithe, agus cruthaitheoirí ábhair. Bhí bród ar Aerfort Dhún na nGall a bheith i láthair, agus urraíocht a thabhairt don imeacht fosta, ag cur béime ar ár dtiomantas Dún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe taistil den chéad scoth.