Conair na Nasceitiltí

Preaseisiúint – Dé Céadaoin, 22 Meitheamh 2022

Tá Aerfort Dhún na nGall ag cur in iúl gur geal leo go bhfuil Conair na Nasceitiltí ar fáil anois ag Aerfort Bhaile Átha Cliath do phaisinéirí a bhfuil nasceitiltí curtha in áirithe acu féin

Tá an-áthas ar Aerfort Dhún na nGall a fhógairt gur féidir le gach paisinéir a thaistealaíonn ar an dá eitilt sa lá go Baile Átha Cliath úsáid a bhaint as Conair na Nasceitiltí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá an áis seo ar fáil do phaisinéirí is cuma cén aerlíne a mbeidh siad ag taisteal ar aghaidh leo. 

Is féidir le paisinéirí féin-nasctha, ag taisteal le bagáiste cábáin amháin, a bhfuil cárta bordála bailí acu don chéad eitilt eile ar an lá céanna, úsáid a bhaint anois as Conair na Nasceitiltí chun a gcéad Geata Imeachta eile a bhaint amach gan gá dhul tríd Rialú Inimirce agus Imréiteach Slándála ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Aerfort Dhún na nGall, Eilís Docherty: “Is tionscnamh iontach é Conair na Nasceitiltí a bheith ar fáil do phaisinéirí a nascann le cinn scríbe ar fud an domhain trí Aerfort Bhaile Átha Cliath agus laghdóidh sé amanna scuaine ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Is forbairt í seo a bhfuil fáilte mhór roimpí. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit, Hildegarde Naughton, leis an Roinn Iompair, le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann, agus le ÚABÁC as a n-iarrachtaí an áis seo a sholáthar d’eitiltí intíre”.

Ní mór do phaisinéirí atá ag taisteal ar aghaidh agus a bhfuil nasceitiltí curtha in áirithe acu féin, i.e., atá ag taisteal ar thicéid ar leith nach bhfuil a gcuid bagáiste seiceáilte isteach acu chuig a gceann scríbe deiridh, an bagáiste sin a bhailiú ag aerfort Bhaile Átha Cliath mar is gnáth agus dul ar aghaidh chuig “Seiceáil Isteach/Mála a fhágail” dá gcéad eitilt eile. Eiseofar ‘Dearán Aistrithe Intíre’ do na paisinéirí seo, rud a thapóidh dul isteach chuig scagthástáil slándála ag aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis dóibh a gcuid bagáiste a sheiceáil isteach don eitilt ar aghaidh.