FÚINN

Suíomh

Ar choirnéal thiar thuaidh na hÉireann, osclaíonn Aerfort Dhún na nGall suas an Iarthuaisceart do thurasóirí agus do lucht gnó. Suite ar an Charraig Fhinne, Cionn Caslach tá an t-aerfort timpeall 15 bomáite i gcarr ón Clochán Liath agus ó Ghaoth Dobhair, agus 45 bomáite ó Leitir Ceanainn. Níl ach eitilt de 40 bhomáite ó Bhaile Átha Cliath go hAerfort Dhún na nGall. Is réigiún é a bhfuil cáil air mar gheall ar ailleacht nádúrtha na h-áite, timpeallacht mhuirí le tionscal suntasach iascaireachta, oileáin ina bhfuil cónaí iontu agus tionscal turasóireachta atá ag borradh.

Aerial image of Donegal Airport runway with beaches on either side

An Láthair

Tuirling i nDún na nGall agus bain tairbhe as fáilteachas na háite, sú isteach oidhreacht agus cultúr Ghaeltacht Dhún na nGall – áit a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga. Caith seal i do chompord sa Café Bar Carraigfhinne.

Tá trá ghainmheach chóir baile, trá bratach gorm. Tá go leor acu sa cheantar álainn seo san Iarthuaiscirt. Tá an cósta drámatúil, creagach, le sléibhte gormghlas agus gleannta doimhne suaimhneacha. Anseo, i measc an áilleachta, tá Aerphort Dhún na nGall. Tá eitiltí rialta as seo go Baile Átha Cliath agus Glaschú, le naisc ar aghaidh ar fud an domhain.

DA 6 Aerial 2 skydivers-matt-murphy

An am a chuaigh thart

Chuir Aerfort Dhún na nGall tús le hoibríochtaí sa bhliain 1986 agus forbraíodh é, le cúnamh ó hÚdaras ná Gaeltachta, an Roinn Iompair, Infheisteoirí Príobháideacha, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Ciste Idirnáisiúnta na hÉireann agus Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa.

Tá ‘Aerphort Idirnaisiúnta Dhún na nGall Teo’ faoi úinéireacht agus bhainistíocht cuideachta phríobháideach. Tá sé ar cheann de lionrá aerfoirt réigiúnacha na hÉireann. Forbraíodh é i dtús ama chun rochtain éasca a sholáthar d’fheidhmeannaigh gnó ar mian leo tabhairt faoi ghnó ar an eastát tionsclaíoch áitiúil. Aithnítear go forleathan anois an t-aerfort mar phríomhghné de bhonneagar an chontae. Chun gnó a chothú agus chun forbairt eacnamaíocht sa réigiúin a chinntiú, tá an t-aerfort thar a bheith tábhachtach mar go bhfuil sé mar phointe rochtana aeir ar an réigiún is imeallaí in Éirinn.

Chuir aerlíne bheag Albanach, Malinair, tús leis an chéad seirbhís do phaisinéirí sa bhliain 1986. D’aithin siad go raibh éileamh ar bhealach ó Dhún na nGall go Glaschú go príomha ón mhargadh ar a dtugtar margadh VFR (Visiting Friends and Relations). Faoi láthair, sceidil eitiltí go Baile Átha Cliath agus Albain ar bhonn bliana. Feidhmíonn seirbhís Bhaile Átha Cliath dhá uair sa lá, suas agus anuas, tá seo faoi scéim oibleagáide seirbhíse poiblí de chuid an rialtais (PSO). Is í Aer Lingus Regional a oibríonn an tseirbhís seo. Soláthraíonn an scéim cúnamh airgeadais d’aerlínte chun seirbhíse aeir de chaighdean mhaith a sholáthar do réigiúin imeallacha chun go mbeadh forbairt shóisialta agus eacnamaíoch inbhuanaithe acu.

Tá méadú suntasacha ag teacht ar líon na bpaisinéirí atá ag baint úsáide as an aerfort bliain i ndiaidh bliana. Tá an fás ar bhealach Dhún na nGall / Bhaile Átha Cliath go príomha mar gheall ar sceaideal eitilte den scoth. Ag oiriúint go mór den lucht gnó, tá na heitiltí luatha ar maidin go Baile Átha Cliath agus ar ais trathnóna. Oireann an tseirbhís dhá uair sa lá don mhargadh fóillíochta agus turasóireachta go háirithe dóibh súid a bhfuil naisc ar aghaidh acu. Thar aon rud eile feictear an tseirbhís mar líne tarrthála don phobal ó thaobh seirbhísí sóisialta de, mar shampla i reimse an tsláinte agus an oideachas..

An lá atá inniu ann

D’oscail an t-aerfort suas margaí úra d’earnáil na turasóireachta, rud a chuir ar chumas soláthraithe táirgí mar óstáin, soláthraithe iompair, clubanna gailf, iascaireacht fóillíochta srl a gcuid saoráidí a chur chun cinn chuig margaí baile agus idirnáisiúnta níos leithne..

Chomh maith leis sin, d’oscail sé Dún na nGall dóibh siúd i réigiún Bhaile Átha Cliath le haghaidh eachtraí agus sosanna deireadh seachtaine. Tá seo ábhartha sa lá atá inniu ann agus éilimh ar ‘stay-cations’ le déanaí.

Group of business men on airport apron met by cabin crew for a private flight

Seirbhísí Eile

Le deich mbliana nó níos mó anuas, tá Aerfort Dhún na nGall mar bhunáit tacaíochta aeir don tionscal ola agus gáis amach ón gcósta do roinnt de na cuideachtaí móra ola. Tá sé suite go straitéiseach chun tacú le seirbhísí aeir d’oibríochtaí amach ó chóstaí Iarthar agus Iarthuaisceart na hÉireann. Tá héileacaptair lonnaithe ag an Aerfort agus oibríonn cairteacha sciatháin sciatháin dhobhogtha chuig / ó Albain agus an Iorua ar feadh ré na gconarthaí. I measc oibríochtaí aerfoirt eile tá Aerchóir, Seirbhísí Cuardaigh agus Tarrthála Mara, cairteacha príobháideacha agus eitlíocht ghinearálta.

I measc na n-áiseanna atá ag an aerfort tá Café Bar Carraigfhinne & Siopa, Faisnéis do thurasóirí, BAT, Wifi, Enterprise Car Rental, seirbhísí tacsaí agus hangar agus tá spás oifige ar fáil ar cíos.

I measc na n-áiseanna atá ag an aerfort tá Café Bar Carraigfhinne & Siopa, Faisnéis do thurasóirí, BAT, Wifi, Enterprise Car Rental, seirbhísí tacsaí agus hangar agus tá spás oifige ar fáil ar cíos.