Chuir Aerfort Dhún na nGall tús le hoibríochtaí sa bhliain 1986 agus forbraíodh é, le cúnamh ó hÚdaras ná Gaeltachta, an Roinn Iompair, Infheisteoirí Príobháideacha, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Ciste Idirnáisiúnta na hÉireann agus Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa.
Tá ‘Aerphort Idirnaisiúnta Dhún na nGall Teo’ faoi úinéireacht agus bhainistíocht cuideachta phríobháideach. Tá sé ar cheann de lionrá aerfoirt réigiúnacha na hÉireann. Forbraíodh é i dtús ama chun rochtain éasca a sholáthar d’fheidhmeannaigh gnó ar mian leo tabhairt faoi ghnó ar an eastát tionsclaíoch áitiúil. Aithnítear go forleathan anois an t-aerfort mar phríomhghné de bhonneagar an chontae. Chun gnó a chothú agus chun forbairt eacnamaíocht sa réigiúin a chinntiú, tá an t-aerfort thar a bheith tábhachtach mar go bhfuil sé mar phointe rochtana aeir ar an réigiún is imeallaí in Éirinn.
Chuir aerlíne bheag Albanach, Malinair, tús leis an chéad seirbhís do phaisinéirí sa bhliain 1986. D’aithin siad go raibh éileamh ar bhealach ó Dhún na nGall go Glaschú go príomha ón mhargadh ar a dtugtar margadh VFR (Visiting Friends and Relations). Faoi láthair, sceidil eitiltí go Baile Átha Cliath agus Albain ar bhonn bliana. Feidhmíonn seirbhís Bhaile Átha Cliath dhá uair sa lá, suas agus anuas, tá seo faoi scéim oibleagáide seirbhíse poiblí de chuid an rialtais (PSO). Is í Aer Lingus Regional a oibríonn an tseirbhís seo. Soláthraíonn an scéim cúnamh airgeadais d’aerlínte chun seirbhíse aeir de chaighdean mhaith a sholáthar do réigiúin imeallacha chun go mbeadh forbairt shóisialta agus eacnamaíoch inbhuanaithe acu.
Tá méadú suntasacha ag teacht ar líon na bpaisinéirí atá ag baint úsáide as an aerfort bliain i ndiaidh bliana. Tá an fás ar bhealach Dhún na nGall / Bhaile Átha Cliath go príomha mar gheall ar sceaideal eitilte den scoth. Ag oiriúint go mór den lucht gnó, tá na heitiltí luatha ar maidin go Baile Átha Cliath agus ar ais trathnóna. Oireann an tseirbhís dhá uair sa lá don mhargadh fóillíochta agus turasóireachta go háirithe dóibh súid a bhfuil naisc ar aghaidh acu. Thar aon rud eile feictear an tseirbhís mar líne tarrthála don phobal ó thaobh seirbhísí sóisialta de, mar shampla i reimse an tsláinte agus an oideachas..