BEARTAS COMHSHAOIL

Tá eitiltí sceidealta dhá uair sa lá go Baile Átha Cliath a réachtáil ag Aerfort Dhún na nGall, le naisc ar aghaidh ó sin ar fud na cruinne. Fuaireamar aitheantas as an tuirlingt is áille ar an domhan don tríú bliain sa bhliain 2020 agus tá suíomhanna cosanta Natura 2000 timpeall ár n-aerfort agus tá trá le Brat Gorm ann chomh maith. Táimid tiomanta an radharcra nádúrtha gan mhilleadh agus an oidhreacht nádúrtha seo a chosaint.

Mar is amhlaidh le gach eagraíocht, aithnímid go mbíonn tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol i gceist lenár ngníomhaíochtaí. Tá sé mar aidhm againn iad seo a íoslaghdú trí;

An dlí comhshaoil a chomhlíonadh

Ár bhfeidhmíocht chomhshaoil a thomhas agus monatóireacht a dhéanamh air

Ag iarraidh go gníomhach ár bhfeidhmíocht a fheabhsú go leanúnach

An riosca truaillithe ónár n-oibríochtaí a íoslaghdú

Ár soláthraithe, custaiméirí agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh leis an rud céanna a dhéanamh

Léirítear é seo inár dtiomantas do EcoMerit Logo Dheimhniú Comhshaoil.

Eascraíonn na tionchair dhíreacha comhshaoil is suntasaí ón leictreachas agus an ola a úsaideann muid. Chun go n-íoslaghdófar seo, déanann muid cinnte go bhfuil an trealamh agus soilsiú ag feidhmiú nuair is gá amháin, agus go mbeidh soilsithe LED in úsáid ar fud an t-áitreabh.

Déanaimid monatóireacht go rialta ar ár n-úsáid leictreachais, ola agus uisce. Oibrímid córas deighilte lena chinntiú go ndéantar ár ndramhaíl a athchúrsáil nuair is féidir agus go ndéantar dramhaíl líonta talún a íoslaghdú.

Tá sé mar aidhm againn inár ngníomhaíochtaí uilig a bheith inár mball freagrach den phobal a ndéanaimid freastal air maidir leis an gcomhshaol.

EcoMerit Logo