Eolas maidir le seiceáil isteacht

Check-in Information

Seiceáil isteach ag Aerfort Dhún na nGall

Tá an t-am le haghaidh seiceáil isteach ag Aerfort Dhún na nGall uair agus 20 bomaite roimhe imeacht.
Druideann seiceáil istech 45 bomaite rioimhe imeacht do gach eitilt.

Is féidir leachtanna a iompair anois i bhur gcuid bagáiste lámha, gan iad a shéalú i mála plaisteach trédhearcach agus gan srianú tomhais.  Is féidir  uisce bia leanaí, leigheasanna, deochanna eile, cannaí aerasól, agus cosmaidí agus earraí níocháin i bhur mbagáiste lámha gan srianú tomhais.

Seiceáil isteach i mBaile Átha Cliath

Tá an t-am le haghaidh seiceáil isteach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath 2 uair roimhe imeacht.
Imíonn agus leaindeálann eitiltí Aer Lingus Réigiúnach ó Chríochfort 2 (T2) in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Beidh Aerfort Bhaile Átha Cliath níos gnóthaí sna seachtainí angus míonna le teacht, mar sin, tá sé an-tábhachtach go bhfágann paisinéirí neart am nuair atá siad ag tasteáil.  Tá seo go háirithe tábhachtach ag buaicthréimhsí.

Faoi láthair, 05:00-12:00 an buaicthréimhse de Slándala i gCríochfort 2 do eitiltí maidine agus agus luath trathnóna.  Bíonn an deireadh seachtaine (go háirithe deireadh seachtaine saoire bainc) gnóthach i rith an lae (s’iad Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Dé Lauin laetha na deireadh seachtaine).

Molann Aerfort Bhaile Átha Cliath paisinéirí a bheith san aerfort 2 uair roimh am imeacht ar eitiltí ghearraistir agus 3 uair an chloig roimhe am imeacht ar eitiltí aistear fada, ach thig leis 3.5 uair a ghlacadh i mbuaicthréimhsí gnóthach.

Thig le amanna seiceáil isteach agus glacadh bagáiste aerlíne athrú, mar sin, ba cheart do phaisinéirí ghabháil i dteagmháil lena n-aerlínte le deimhniú cá huair a n-oscailíonn a ndeasc seiceáil isteach agus glacadh bagáiste, mar go mbeidh tionchar ar seo lena hamanna.  Fág am le
ghabháil i scuaine seiceáil isteach agus/nó glacadh bagáiste, agus ansin am leis an phróiséis seiceáil slándála a chríochnú.

Tabhair faoi deara, tá Slándáil oscailte ó 04:00